Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 160
- XML “Longworthy”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháínig an fear sin Longworthy go dtí an dúthaigh seo ó'n Argentín san Americeá Teas triuchead caoga bliadhain o soin, agus do chuir sé faoi i Sean-Achaidh.Deirtear gur phós sé múinteóír, agus gur thréig a muinntir é mar geall ar an bpósadh sin, gur shocruigh sé a chur faoi i n-áit iargúilta. Sin é an fáth go dtáínig sé go dtí an baile Sean-Achaidh.Do thóg sé arus maiseamhail láímh leis an bhfairrge agus bhí chuile rud is gádh abheith i dtigh san tigh cheadhna sin. Bhí neart ártach aige, idir ártaigh óir agus ártaigh airgid agus a "initials" breacuighthe ar cuile cheann díóbh sin. Leis sin bhí a "initials" breacuighthe ar cuile éadach cláir abhí fé (?) an tighe. Pe rud a sprioch é - céard arinne sé acht an teach a chur tre theine agus dóghadh beagnach chuile rud abhí ann. Níor fágadh acht na fallaí, gus baineadh usáid asta, gur deosogjeadj am áot agis tá fear gurbh ainm O Murchadha do ina chomhnaidhe ann anois. Deirtear gur fhág sé an tír seo agus go ndeacaidh (?) sé tár sáíle, agus gur dhúnmharbhaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann