Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 231
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
(ar lean ón leathanach roimhe)DRÉIMIRE:-bealach caol baoghalach seadh an áit seo, agus í ag gabháíl síos go sceabhach ó bhárr na faille go dtí an tráígh.
DÚN a' DUILL:-líob mór talmhan seadh an áit seo, atá sgartha ó'n bhfaill. Innistear sgéal gurab amhlaidh go raibh fathach ins chomhnaidhe san tír mhóir agus go dtáinig rabharta feirge air lá, agus do chrom sí síos agus gur reáb sé an talamh agus do theilg sé amac san fairrge é. In a dhiaidh sin do léim sé amac ar an mullach agus is ann a chomhnaidhe sí gur h-ainmnigheadh "Dún a' Duill" é.
LEACH a' TÓNACHAIN:-leach atá an shleamhain.
UAIGH a' t-OLLASCÁIN:_ (?)Seo pluais atá an-chaol agus leis seo tá sé an doimhin agus ní móíde gur mar sin a fuair sé a h-ainm.
UAIGH na SIDHEOG:-Abrann na sean daoine go mbíodh na sídheóga san bpluais seo.
CARRAIG UÍ DHÁLAIGH:-Chuaidh fear darbh' ainm Dálach dó amac ag iasgaireacht, agus d'imtigh sé go dtí an charraig seo, ach tháinig tonnracha móra gur sguabadh den charraig é agus do bádadh é.
POLL na SCADÁN:-Bliadanta ó shoin nuair a bhíodh muinntir na h-áite seo ag gabháil don iasgaireacht, do bíodh an tóír acu ar na scadáin. Bíodh neart díobh san bpluais agus chuig an phluais seo do théíghidís ag tóruigheacht na scadán go bfuair an poll an t-ainm "Poll na Scadán."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Maolálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo