Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Suíomh:
Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Scéal Fear Bearna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seáinín Sheáin Ó Fhlaibhtheartaigh as Baile Locháin-Indreabhán, i gCo na Gaillimhe d’innis. Tá clú ‘s cáil ar Sheáinín Sheáin mar sheanchaidhe.
    “Sgéal Fear Bearna”
    Seán Ó Mulála
    D’fhág Seán bocht Bearna agus d’imthigh sé go Amerioca. D’imthigh sé le bochtaineacht. Fuair sé obair h-éis dhul anonn dó. H-éis sgathaimh a dhéanamh oibre fuair sé páigh bheag. Chuaidh sé ag a’ stór a ceannacht bailcisí éadaigh agus uaireadóir nach [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] ro-dhaor. Ach h-éis sin bhí Seán bocht ar bheagán airgid. Casadh leis comrád agus comráidí eile. Ghluais leob go teach an ósta le béal [fheiste] beag. Casadh isteach i seomra iad i dteach an ósda. Bhí triúr “mná” annsin rómpa ag ól a ndeoch féin ‘s a’ breathú sugach go leor. Bhí na mná an-fhailteamhail rompa agus d’fhiafruigh ceann acu do Sheán “beidh deoch a’ad a Sheáin?” ars’ ceann de na mnáibh. “Beidh” arsa Seán “agus go rabh maith agat”.
    Tháinic an deoch agus d’ól siad é agus nuair a bhí sin déanta d’fhógair an tarna bean deoch eile agus tháinic. D’fhógair an tríomhadh ceann an cineál céadna agus tháinic agus d’ól. D’fhógair Seán bocht an deoch céadna. [D’all] sé a [phóca] agus bhí an scéal níos dona ná sin aige. Thuit Seán ar a’ meisge agus d’fhan sé annsin go rabh sé domhain amach san oídhche, ins an meisge agus nuair tháinic maith air, dhírigh sé é féin suas agus bhreathnaigh ar an áit stráinséarach dhó agus dubhairt sé leis an mbean “Cá’il mé?” “Tá tú in áit shábháilte einteacht liom-sa” adeir sí.
    “Comráidí dona a d’fhág annsin tú ach ar chuma ar bith beidh tú ceart”. Ghluais leob. Thug sí ag a teach féin Seán. Teach beag fánach agus staighre árda go dí an doras. D’fhosgail sí an doras a’s chuaidh sí féin agus Seán isteach agus céard a bhí annsin ach beithidheach mór dhó fhear mór dubh. Tháinic anoir as a’ seomra. “Tá tú [ann] a bhuachaill” ar sé le Seán. “Céard a chas annseo tú?” Níor labhair Seán tada [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] bhuail eaga agus brón mór é nidh nárbh iongnadh. Rug sé greim ar Sheán agus d’oibrigh an bhean a’ baint na mbailcisí dho. Nuair bhí sin bainte dhó anuas, chaith an fear mór [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    C. J. Ó hAoláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seáinín Sheáin Ó Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann