Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá timcheall cúig toibreacha beannuighthe sa bparróiste seo. Tá dhá cheann i Dún Fhéinigh agus ceann eile i mBaile An Ghleanna, ceann eile i Dún Phádhraig, ceann i gCill Bhrighidhe. Tugtar tobar Naomh Bríghide ar an ceann atá i mBaile An Ghleanna. Téigheann na daoine go dtí na toibreacha sin ar an gcúigeadh lá déag de mhí lúghnasa agus Domhnach Crom Dubh. Tugadh íasc as tobar agus do bhríth daoine é. Núair a bhí an t-íasc gearrtha acha do léim sé den phláta agus d'imthigh sé isteach sa dtobar arís.
Bhí gasúr ann fadó agus ní raibh radharc maith aige. Chuaidh sé go dtí tobar Baile An Ghleanna agus thug se cúpla cúairt don tobar. Chuaidh sé an tríomhadh úair ann agus bhí biseach ar a radharc. Deirtear go bhfuil leigheas i dtobar Baile An Ghleanna i gcóir radharc.
Cuimligheann daoine íad fhéin i dtobar Baile An Ghleanna. Tugann daoine buidéil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Corcoráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Eithne, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Corcoráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Cill Eithne, Co. Mhaigh Eo