Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl ach dá thobar beannaithe i bparróiste Lios Mór, an tobar Naomh Colmáin agus tobar Naomh Cárthaigh. Nuair a ragair treasna droichead Lios Mór, tóg an bóthar deis isteach chun an tsráid. I gcearracht céad slat do geata an Caisleán cíthfid tú astigh de'n fhalla ar do lámh clé, cros agus tá seo scríobhta air "An Naomh Cárthaigh Guidhe Orainn". Sé seo tobar beannuithe Naomh Cárthaig. An ceathrach lá déag de Bealtaine gach blian tugann ur mhór na daoine turus ar an tobar beannuithe seo. Deireann siad an Corón Mhuire ag an tobar. Tógann siad deoc do'n uisce as le h-árac agus ólann siad é agus ólann siad é agus iarann siad conghnamh ar Naomh Cárthag go gcuirfidh Dia ar a leas iad agus conghnamh agus sláinte a thabhairt dóibh an blian atá le teacht.
I gCarraig na nGabhar atá tobar Naomh Colmáin. Lá an Domhnach Cáisge is eadh tugann na daoine turus ar an tobar seo. Chid mhaith de's na daoine a bhíonn ag triall ar an tobar seo súile tinn agus b'fhéidir radharc gan a bheith ró mhaith aca. Bhí an-thuraisc ag an tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál de Lundera
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge