Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Nodhlag Fadó
Nuair a bhíos im garsún fadó is fádha a bhíomhar ag caoineadh ar lá Nodhlag ach thágadh sé san deire agus fáilthe roime, bhíodh na daoine na suidhe go h-an luath ar maidin an uair sin ag tnú léis an gcéad Afrainn, annsan nuair a bhíonn an breacfasth ithe againn t-súl-ailímís linn. Ba bhreágh an rud casadh le na comhairsine an maidin sin. Dia duith a Máire nó Dia dhuith a Seán nó pé duine a bhéadh ann, go dtugadh Dia Nollaig maith díobh agus an freaghra a geibhinn siad ''gurbh amhladh duit'' agus a lán eile na theannta.
Dá bréaghtha na buachaillí agus na cailíní agus na sean-daoine a bhí ann fadó. chuirfidís áthas a croidhe ort ag éisteacht leó ag cainnt le na céile, ar na beannachta a baint leis an Nodhlag. Bhíodh an coinnle beannachta lasta an oidhche sin inoír maidin Glormha, a bhí ag lorgh a sligh agus lóistín na raibh le fághail aicí an oidhche roimhe sin, sula rugadh a mac naomtha, tá an solus seo le theasbhaint dó gach aoinne ná bheadh a tigh aige, go raibh fáilte inóir na Maidhin Muire agus a mac Naomhtha.
Théigheadh na buachaillí go dtí an coill cúpla la roimh an Nodhlag, agus thugadhas coille glás agus chuirtí timcheall an tighe é annso is ansiúd agus cuiridh sé an mhais ar fadh ar an dtigh, go minic an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál de Lundera
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge