Scoil: Ballinvella, Lios Mór (uimhir rolla 7880)

Suíomh:
Baile an Bhile, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Áine Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballinvella, Lios Mór
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ciste i ngáirdín Liam De Bharra, fé. crann ach níl toraidh fhíos agam cad atá fé cheilt ann . Gach oidhche fadó thagadh an fear a chuir fé cheilt é ag tabairt aige don ciste. Na daoine abhí ina gcómhnuidhe sa tig an uair sin bhíodh siad ag imirt cártaí gach oidche , agus thagadh taidbhse an fhir gach oidhche . Suas an sthaighre agus buaileadh sé buille dá crúb thuas ar urlár an lochta, chun ciúineas dfághal thíos imeasg na gcearrbhach.
    Bhíodh eagla ar na daoine agus sa deireadh dubhradar go mharbheocaidís an fear an oiche ' na dhiaidh sin. Ní raibh an focal as a mbealaibh nuair bhuail an fear buille dá chrúib sa lochta thuas agus do ritheadhar go léir i bhfolach mar taréis na cainnte go léir bhí sgannradh ortha.
    Annsan dinnis bandraoi dóibh gur spiorad a bhí ann go raibh ciste óir aige fé crann sughchraoibhe agus go bhfuigheach Seán de Barra é. Ach ó shoin i leith ní bfuair Seán di Barra é ná aon de Barra eile é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dubhasa
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Coill na Carraige, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muirdhear
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Rátha, Co. Phort Láirge