Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 220
- XML “Bean á Tórramh”
- XML “Sprid”
- XML “Bean Bhocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig scannradh ar na daoine. Annsan thuit rud éigin dubh síos ar an mbean a bhí a tórramh. Rith na daoine go léir le scannradh. D'fhéach ceann acu ar an mbean agus bhí sí go léir dubh.
Fuair mé an scéal seo ó S[h]eamus de Paor. 37 blian. - Sprid
Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Fuair sé bás agus mí ina dhiaidh sin chonnaic fear eile é agus bhí lampa ina láimh aige. Bhí sé ag léimrigh ó áit go h-áit i ngleann a bhíodh sé i gcomhnuidhe.
Chonnaic a lán daoine é ina dhiaidh san agus bhíodh an lampa ina láimh i gcomhnuidhe aige. Chonnaic bean dárbh ainm Brighid Ní Churraoin é agus bhí sé ag rith ó áit go h-áit. Tháinig scannradh uirthe agus fuair sí bás an lá san.
Fuair mé an scéal seo ó S[h]iobhán Ní Lonáin. Ins an Rinn. Tá sí 30 bliadhain d'aois. - Bean bocht
Aon uair amháin bhí bean ann bhí triúr mac aici. Bhí sí ana-bhocht agus ni raibh go leór airgid aici chun iad a chothúg[h]adh. Dubhairt sí léi féin go raghadh sí amach ag lorg déírce.
Chuaidh sí amach an oidhche seo ar a deich a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge