Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 248
- XML “Bean Sí”
- XML “Páirc”
- XML “Páirc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachall agus cailín ag teacht abhaile ón mbaile mór oíche amháin. Bhí sé timcheall a buille a'chlog san oíche. Nuair a thángadar comh fada le Droichead an Uisce chonnacadar an duine bán ar an mbóthar agus cad a bheadh ann ach bean sidhe agus d'imigh sí suas treasna na páirceanna agus ní fheacadar a thuille de'n mbean-sidhe.
Níor mhaith liom ag teacht thar an Droichead san oíche mar deirtear go bhfuil sprideanna ann.- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Micheal Breatnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
- Tá páirc sa bhfeirm againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Claise. 'Sé an fáth go dtugtar an ainm sin air mar tá claiseanna móra ann.
- Tá páirc againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Faille. Tá sé an-ghairid don bhfaill.
Do bhí mo uncail agus fear eile ag obair ann lá amháin agus d'imigh banc mór de chré síos leis an bhfaill agus thug an cré an fear agus mo uncail leis. Do bhíodar gairid do bheith marbh(leanann ar an chéad leathanach eile)