Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 269
- XML “Sprid”
- XML “Madra Rua”
- XML “An Cóiste gan Cheann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí a lán cearca aige. Tháinigh madra rua aon oíche. Chuaidh sé isteach i dtig na gcearc. Tigh ceann tuighe ab ea é.
Chuaidh sé in áirde ar an tigh agus dhein sé poll. Chuaidh sé síos agus d'ith sé cuid des na cearca. Léim sé in áirde agus thit sé anuas mar bhí bhí sé r-árd. Cuimhnigh sé ar chleas. Shín sé é féin ar an dtalamh.
Tháinigh fear an tigh amach ar maidin chun an doras d'oscailt. Chonaic sé an madra rua, Fuair sé an spráinn agus chaith sé amach é.
Dúirt sé le bean an tigh "Déanfaimíd poll tar éis an bhreacfast". Nuair a bhí an bhreacfast ithe aige chuaidh sé amach. Bhí an madra rua imithe. - Bhí fear istigh i dtigh Eibhlín Ní Foghlua. Ní raibh aon duine istigh ach é féin. Bhí piano istigh ann leis.
Bhí sé i lár na h-oíche agus d'airigh sé an coiste gan ceann. Do chroth sé an tigh. Do dhein sé fothrom comh mór san go raibh an piano á imirt. Do stop(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Deaglán Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge