Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 304
- XML “Naomh Déaglán”
- XML “An Sparán”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ainm atá ar ná tobar Naomh Déuglán. Tá cloch mór ann ar an tráigh agus do bhí aithne agam ar fhear ón Rinn a fuair radharc a shúile ag an gcloch san.Tá túr mór in Árd Mhór agus thógadh é in aon oichche amháin. Do chonnaic mé an áit in a bhfuil Naomh Deuglán curtha agus do thughas chuid den chré abhaile liom má bheadh cinn ort agus é a chur led ceann dhéanfhadh sé tú a leigheas.
- Bhí bean bocht ann fadó agus bhí sí an-aosta. An lá seo bhí sí ag dul go dtí an séipéal agus nuair a bhí sí ag dul isteach sa doras d'airigh sí an glór istigh agus d'fhéach sí isteach agus chonaic sí sparáin istig agus é ag léimigh suas agus síos ach ní túisce a tháinigh sí gairid dó ná léim sé isteach ina láimh.
Chuaidh sí ar a glúine agus ní raibh lá bocht aici as san amach.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Déaglán Ó Gríobtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Bhí bean bocht ann fadó agus oíche amháin bhí sí ag dul go dtí an séipéal agus chonaic sí gearrcaile deas ag seasamh ar thaobh an bhóthair agus níor labhair an gearrcaile leí in aon chor agus díreach nuair a bhí sí imithe thar an gearrcaile d'airigh sí an gearrcaile á rá "A mháthair, a mháthair, tar thar n-ais chugham".
Do chuaidh sí thar n-ais agus cé bheadh ann ach a(leanann ar an chéad leathanach eile)