Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeoir ann fadó agus bhí aon iníon amháin aige. Bhí lios i gceann de na páirceanna a bhí aige. An maidin seo nuair a bhí an cailín óg ag dul fé dhéin na mba tháinigh fear beag go dtí doras an leasa agus d'fhiafraigh sé den gearrchailc cad é an ainm a bhí air.
"Cá bhfios damh-sa cad é an ainm atá ort?" arsa an cilín.
"Mise Spin Mhic Mhadra An Dúin" arsa sé sin "agus muna mbeidh an ainm sin agus bliain is lá ó inniú caithfidh tú teacht isteach anseo liomsa agus fuireach ann go deoidh".
Chuir an chaint sin scanradh ar an gcailín agus d'imigh sí abhaile agus níor inis sí do aoinne é.
Tháinigh deire na bliana agus bhí an ainm ag an gcailín ach nuair a dhúsaigh sí maidin an lae deireannach ní raibh aon fágail aici ar cuimhneamh ar an ainm agus bhí eagla uirthi go dtógfaidhe isteach sa lios í.
An lá seo bhí an buachaill aimsire a bhí ag an bhfeirmeóir ag treabhadh sa pháirc a raibh an lios ann agus tháinigh an fear beag go dtí doras an leasa. Thosnaigh sé ag amhrán. Is é an t-amhrán a bhí aige ach -(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Mac Craith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge