Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 364
- XML “Sprid”
- XML “Sióga”
- XML “Ministéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí sí ag dul abhaile nuair a chonnaic sí rud mór bán ina sheasamh in aice leí.
"Dia is Muire dhuit" arsa sí sin.
Ní bhfuair sí aon fhreagra. Tháinig eagla uirthi agus bhí sé díreach ag imtheacht nuair a thuit sí fuar marbh. Spríd dob eadh an rud bán agus mharbhuig sé an bhean. Fuair mé an scéal seo ó mo mháthair. 43 blian. - Fadó bhíodh na sean-daoine i gcomhnuidhe ag cainnt mar gheall ar na sídheóga. Aon lá amháin, chuaidh buachaill fé dhéin na mba agus bhí lios ins an pháirc agus nuair a bhí an bhó ag dul tharais d'imthigh sí as radharc. Tháinig sídeóg amach as an lios agus dubhairt sí leis an mbuachaill bheith thar nais ag an lios bliadhan ón lá san. D'imthigh an buachaill abhaile agus eagla air. Chuaidh sé go dtí an lios bliadhain ina dhiaidh sin agus chonnaic sé an bó agus laogh bhán leí. Fuair mé an scéal seo ó mo máthair.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Ministéir
Bhí fear bocht ann fadó agus ní raibh ach Gáirdín beag. Bhíodh bó aige agus bhíodh sé ag aodhaireacht na bó ar an mbóthar. Chonnaic an ministéir é agus stad sé ag cainnt leis(leanann ar an chéad leathanach eile)