Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá botharín inaice mo thighe agus bothar an-mhór ar fad.”
Tá bótharín in aice mo tighe agus bóthar an-mhór ar fad ba eadh é fadó. Bóthar na Teamhaire a ghlaoidís air mar deirtear go raibh sé ag teacht ó Teamhair i gContae na Mhí go dtí Eochaill. Deirtear comh maith gur chuaidh arm Chromaill ar chuid den bóthar sin nuair a bhí sé ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill. Tá an bóthar le feiscint fós ach tá féar ag fás ar cuid de agus deantar úsáid de cuid eile de mar bóthar fós. Tá go leor tighe ar thaobh an bóthair agus tá tighe móra ar thaobh cuid de agus tá fothrach caisleán ar a thaobh ag áit a glaobhtar Cloch. Deirtear go bhfuil Caisleán Cloch leath-slí idir Cathair Portláirge agus Cathair Corcaigh.- Bailitheoir
- Gearóid Ó Raghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Riain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Fadó riamh ní raibh aon droichead ann.”
Fadó riamh ní raibh aon droichead ann. An áit ina bhíodh an abhainn doimhin teigheadh duine treasna ar capall nó asal. Áth a tugtar ar an áit ina raibh an uisce éadtrom agus gur féidir dul trasna ann. Do cuimhnigh duine éigin ar seift. Do chuir sé clocha móra trasna na habhann. Dob fhúrach trasna na habhann ar na clochaibh. Níor gabhadh do duine a chosa do fhluicadh. Dob é sin an céad droichid ceart. Cabhas a thugadh ar an droichid san. Tá cabhas le feiscint fós in Éirinn. Do bhí dhá locht ar an gcabhas. Ansan do dhein duine droichead éigin de cliathaibh. Cuir sé na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cáintigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seámus Ó Domhnaill
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Na Cáintigh, Co. Phort Láirge