Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ó Thiarna Íosa nár tagaidh tú gairid ar ár n-anam ar feadh na h-oíche seo. Ná lag dúinn bás d'fháil ar staid an pheacaidh mairbh. Ó a Íosa dein trócaire orainn.
Ó a Mhuire Mháthair ionnatsa atá mo dócas agus cuirim coimrighe m'anam ort ar feadh am lae seo. Trócaire orainn a Mhuire Mháthair guí bímse ag Íosa agus Íosa agamsa. Ar éirí ar maidin dom screadaim a's glaodhaim ort.
A h-Aon Mhic beannaithe do cheannaig go daor sinn. Cuirim coimirce m'anama fé bhreaghaid do sgéithe mé do thabhairt saor ón bpeaca i gcaitheamh an lár seo.
Cuirimíd ár gcúram ar gcúmadh agus ár coiméad ar an dTrionóid ró-naomhtha; ar Íosa milis agus ar an Mhaihdin ghlórmhar; ar na trí h-aingil is mó agus is fearr i gcathair na Trionóide; ar cúirt aingil na bhFlaithis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muireadaig
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge