Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó croiceann a cuireann an óige dhi.
Is fusa tuitim ná éirí.
Is iad na muca cuine a itheann an troisc.
Cá raibh tú aimsir na gcluas?
Muna bhfuil agat ach gabhar bí i lár an aonaigh leis.
Níl aon dul ón mbás.
Ná déan nós agus ná bris nós.
Marbh le tach agus marbh gan é.
Ná tréig do chara ar do cuid.
Ag caitheamh úl san úl gort.
Luí leis an uan agus éirigh leis an éin.
Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
Gheibhinn pingin pingin eile.
Am nó taoide ní fhanfaidh le h-éinne.
Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann.
Is maith an scéalaí an aimsir.
Is maith súgh bó beo nó marbh.
Is maith an t-oibrí an fonn.
Is fuairis an neamh leithscéal d'fháil.
Is olc an chú nach fiú feadh a ligint uirthi.
An deabhadh cun bia agus leisce cun na scoilc.
Is fearr drac-sgéal ná droch-sgéal.
"Go n-eirighidh leat go geal" mar a dubhairt an Sweep lena mhac.(leanann ar an chéad leathanach eile)