Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge
- XML Leathanach 128
- XML “An Deachmhadh”
- XML “Béaloideas a Bhaineann le Cathair Phort Láirge”
- XML “Caisleán Mheannán Fhéilinn”
- XML “Cromail agus Port Láirge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nior mhór an 1/10 de gach barr d'fhágaint sa ghort do'n Mhinistéir. Munar deineadh san marbhóchfaí na beithidhigh i rith na h-oidhche. Nuair deineadh socrú ar cheist na nDeachmhaidhthe bhailigh an sluagh i mór-shiubhal sochradie - comhra á iomchur acu 'na raibh an Deachmhadh - mar dheadh, agus árd áthas ar an sluagh á chur.
(Á cleachtadh i nGráinsig in aice na h-Áirde Móire Co. Phortláirge) - Deirtear gurbh í Caesara do chuir an chéad chloch innti agus gur ingean dearbhráthar nó ingean deirbhseáthar do Nóa í an Caesara seo. Deir daoine eile gurbh amhlaidh gur eírig an chathair aníos as an dtalamh fé aimsir Cogadh Trae. Loch Dá Caoch ainm amháin uirri agus Cuan na Gréine abhí mar ainm uirthi nuair a bhí na draoithe fé réim.Do bhí cathair ag na Menapii, treabh a tháinig o'n Beilg anoir, i ndeiscirt na h-Éireann agus tá sé ráidhte gurbh í sin an chathair seo 'gainne acht níl aon deimhneacht air.
- Caisleán Meanán Fheílinn (Faithlegg)Duine uasal Caitliceach darbh ainm dó Aylward a bhí i seilbh an chaisleaín. Chuir Cromail saighdiuirí chuige chun cur in iúl dó ná cuirfí isteach air dá n-iompuigheadh sé 'na Phrotastúnach. Ní gheíllfeadh Aylward. Annsan do leagadh a chaisleán, díbrígheadh Ayl. agus tugadh a chuid tailte do Captaon Bólton. Bhí síol an duine sin i seilbh na h-aíte ar feadh 200 bln. 'na dhiaidh sin.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.