Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 112
- XML “Colm Cille agus an Coileach”
- XML “Clann tSuibhne na Miodóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tárla i gCill Cárta é uair amhain agus é ar leath-bhróig nuair a scarit an coileach. B'eigin do imtheacht mar bhí sé (ar eagla roimh an namhaid) agus níor scairt a'n coileach ann ó shoin."Cill Carta, Cill Cartha
'S a colann gan cionn
'S an Cill gan coileach"Bhíonn mallacht Colm Cille ag an té a cuireas ar leath bhróg. Sé an doigh ceart - stoca agus stoca, bróg agus an bróg eile. Annsan ceangail iad - má thig an tóir ort annsin béidh gach rud i gceart.- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Clann tSuibhne na MiodógMaolmuire an bhata bhuidhe a chur cuireadh ar fhear de clainn Dothartaigh as na Cruic. Níor mhaith leis an Dothartach a dhiúltadh ná bí eagla air roimhe agus chuaidh sé ionns’ air. Ar eagla go ndeanfaide feall air níor chuir sé a chuid beitheadach i stabla nuair shroíc se caislean Mhaolmuire acht d’fhág sé réidh iad faoi na gcuid diallaidh. Nuair a shuidh siad síos ‘un bidh tugadh isteach bunnóg aráin. Cuir duine éigin ag an tábla ceist ca leis a rabh an bhunnóg sin cosmhail. Dubhairt Maolmuire gur cosamhail í le, “Ceithearnach de Dhochartach a thiocadh ón tsliabh a mbéadh ocras air”.
Nuair a chualaidh an Dochartach seo bhí fios aige go rabh feall ar bun ag Maolmuire agus d’éaluigh se amach. Ní rabh bealtaigh móra ar bith san am acht seort casán ar an réidhteach thart fá’n cladach agus glan an Docartach naoi bhfeirsdí ar aon traighadh Rabharta(leanann ar an chéad leathanach eile)