Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceann ann suas ar mullach an toighe. Fad as bhí siad istigh cuir sise ceann gamhna isteach sa mhála in áit ceann an fhir. D’imthigh siad le ceann an gamhna agus fuair an bhean an duais.
Sé mac an fhir seo a sheasuigh ar Croc Claondoire agus d’amharc anuas ar na Rosaibh faoi agus rinne sé Ceathramh Ceoil fá gach baile ann “Amhrán na Rosann”. Sé dubhairt sé fá’n Cruit :-
“Beirfidh mé ruaig go huaibhreach na Cruice seo shíos
Ar thuairisc daoine uaisle tá sán socair saor
Sé monnar gur in Uaigh tá’n sochair gan maoidheamh” - (Giota as “Amhrán na Cruite”.)Is ró-dheas an áit an Chruit Íoctarach
Is uirthi is luaithe thig bláth
Thig trom coirche, eorna is líon ann
Na coiníní díomas gach lá
Thig feadógaí deasa go pléisiúrtha
Thart chuig Seamus fá’n tráigh.Sí Maighread Mór Mic Phaidín as cl. c. f. a posadh ar Domhnall O’Dochartaigh as Cloich Cinn Fhaolaidh a thainic na comhnuidhe ar an Chruit Íoctaraigh ar tús. Buacaill bó eisean don tigearna talamh. Nuair a bhí sé teacht isteach tráigh na Cruite bhí an tráigh comhdaighthe le na cuid bólacht - fiche bó agus tarb. Ba é seo an spré a ba mhó a connaictheas ag an duine riamh ó shoin ag teacht isteach an tráig sin. Tá sise naoi nglún ar gcúl agus tá a clann [scaistha]? fríd an domhan mhór indiú. (na giota seo ó leathanach 110 go [nuige]? seo ó mo mháthair - Nuala Ní Dhochartaigh, An Cruit, Ceann Caslach.- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann