Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 125
- XML “Amhrán an Fhalsóra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán an Fallsóra.D’imthigh mé liom o thír go tír ‘un damhsaí agus ‘un pléisúir
‘Un baisteacha ‘gus ‘un bainseacha ‘gus mo chosa dul in aon taoibh = ag rinna
[Sheinnfinn]? port do’n mháthair is do’n nighean gan orta
Ba sin an port a mheallfadh ‘n cáilín nó an [leinnir]? chaithfeadh snaoisín.Ní fhachthas ar an bhóthar mé ag scairtigh le mo chomharsan
Go rabh an baile sgríosta gur ith na ba an eórna
Choimheadainn an teallach o mhaidín go tráthnóna
‘S da bhfaghainnse tobac is uisce beatha dhéanfainn tuilleadh ceóibh daoibhNí fhacthas ar an chorán tosaigh mé ar iomaire lá foghmhair
Ní bhíodh an spád briste agam de mhéad is rinne mé rómhair
Is mór mo dhuil i gcodladh acht (is) ní mór mo dhúil i (gcomhnuidhe) bfognamh
Dá bhfágainn an mhóin abaile go ndéanfainn féin a croigeadhIs beag mo ghraithe ‘un mhuilinn ní rabh mé ariamh ar aithche ann
Ní fhacthas dul na coilleadh mé ariamh a bhaint nó a ghearradh [adhinnid]?
Bhainfinnse mo sheal as achan teach dá bhfághainnse deánta
Ba lúthmhar éadtrom oigeanta a bhuailfinn boc i gcártaíBhí bean nó dó nó trí agam is chuir mé i gcrích gan [fhéidin]? iad
Seaoil mé romain (leobta?) na sriantaí is tá mé anois gan aon bhean
A shearc sa rúin, dá dtigthea liom gheobhfá biadh gus éadach
Cead codalta go h-eadaradh = eadar tráth dá nglacfasa le réic mhaith- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall