Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cumhaidh Croidhe CailínTráthnóna Dia Domhnaigh ar ndoighe is mé gul un grinn
Sceard mé fuil shróna, go deo ní rabh furtacht i ndán
Mé ag smaoitiú ar mo stóirín bhíos ag ól liom seal tamall ar chlár
Ar bhean eile pósta as mé mo dheoraidh bocht folamh mar atá.Ar maidín Dia Máirt bhí adhbhar gula ‘gam féin
Bhí an gloine ar an chlár is é lán go dtí imeall an bhéil
Fá cuma beag gránna udaí a tharla eadrainn araon
Mo cúig míle slán do na lámha bhí tharm is nac mbíonnShíl mise a Sheain go bráthach nach ndeánfá liom bréag
Go bpósfa an ‘fly’ agus go bhfágfa an bhruineall do dhiaidh
Nuair a théidheann tú ‘un aonaigh is tú an feirín ba deise liom [uaina]?
Is a chara mo cléibh gur thréig tú mé gheall ar na buaibh.Tá mé mo shuidhe ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur na teinibhe = teinte síos de ghríosaigh is da fadá go géar
Muintir an toighe na (gcodlad) nighe is mise liom féin
Tá an coileach ag glaoidh is an shaoghal na codladh ach mé.Nár fheicidh Síol Éabha gléas ar do bhainfeis a Sheain
Nár feicidh tú féin go héag do bhean ar do láimh
Nár ba (duibhe do léine bheith dingneadh na do comhair ceann cláir
(Is) fada fios agam féin gur céad cor cam in do lár.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mairtín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall