Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 135
- XML “Taisce Sheáin an tSiabtha”
- XML “Taiscí na Lochlannach in Éirinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Taisce Sheain an tSiabtha.Bhí an bhrionglóid céadna ag Sean an tSiabtha trí hoidhche indiaidh a chéile sé sin, go bhfuighead sé a shaidhbhreas thall ar Dhroichead Lonndain. D’imthigh sé leis anonn agus chaith sé trí lá ar an droiceadh agus é ag amharc ar na sluaighte daoine ag teacht agus ag imtheacht acht ní rabh cuma ar bith go rabh saidhbhreas i ndán do annsin. Ar an tríomhadh lá agus é ar tí imtheacht abaile arais tainic fear coimhthigheach ionns’ air.
“Tá mé ag amharc ort do sheasamh annseo le trí lá” arsa an strainseár, “agus chan fheicim do ghraithe ann”.
“Broinglóid a bhí agam i rith trí hoidhche”, arsa Seán, “go bhfuiginn mo shaidhbhreas ar droichead Lonndain a thug annseo me”.
“Na tabhair áird ar bith ar a léithid sin”, arsa an fear eile, “ná bhí brionglóid agamsa le trí hoidhche go rabh cróc óir i bhfolach faoi chrann sceacóige a bhí ag fás i nGarradh Sheain an tSiabtha i Sop Seisc”.
Níor leig Sean dadaidh air féin ach nach rabh maith do a bheith na sheasamh annsin ní b’fhuide. D’fhág sé slán ag an strainseár agus thainic anall na bhaile go Sop Seisc. Thoisigh sé ag rómhair ag bun na sceacóige agus nuair a bhí poll trí troighthe ar doimhne deanta aige thainic sé ar an taisce. Bhí dóigh mhaith ar féin a bhean agus a clann ó sin amach. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.