Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nighean Cormaic Mhic Airt.Thainic fear coimhightheach go dtí Cormac. Dubhairt sé “Mise Lomadán Mac Lamadán a tainic ‘mo amadán go hÉirinn”.
“Níl mé istigh i dTeamhair agus níl mé amuigh as Teamhair. Tá mé gan éadach agus níl mé gan éadach
Tá mé gan airm agus níl mé gan airm
Mharbh mé mart de’n mhór tréad agus bhruith mé é le barr na bhfear cosanta.
Codluigh mé i gcolann gan chionn agus ta mé mo seasamh ar úr na Sasana.
Ghach aon duine a rabh a lámh sínte amach aige i bheith sínte amach agus gach duine a rabh greim in a bheal é bheith in a bheal go dtí go bhfuasglocadh`Cormac an cheist”
Ach ní rabh Cormac abalta í a réidhteach. Annsin dubhairt nighean Chormaic go rabh sise i ndhon í a fhuascladh.
Ní rabh sé istigh i dTeamhair nó amuigh as Teamhair - sheasuigh sé le cos taobh amuigh de’n doras agus an chos eile istigh
Línéadach a bhí sé ag cathamh agus mar sin de ní thiocfadh leat a rádh go rabh éadach air nó go rabh sé gan éadach
Bhí sgian poca aige agus níorbh airm na dhiaidh sin í.
Mart de’n mhór thréad - gurb é sin an bradán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Gallchobhair
- Ainmneacha eile
- Eoin Ó Gallchobhair
- Eóin Peadar
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Mín Doire na Slua, Co. Dhún na nGall