Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 17
- XML “An Táilliúr Aerach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is tailluír acrach mé thug speis do ghreann
Is dheánfainn súgradh le mo rún ar faill
Níl boaile port nó cuan d’a ngluaisfinn ann
Nach bhfaghfainn cáilin deas óg dheanfadh súgradh liomTán oidhche seo dorcha agus béidh go lá
Chaill mé mo mhuírnin’s ní féidar liom í fhághail
Cuartachaidh mé an t-ísleacht agus cúl an áird.
‘S nach í an neoinín áluinn í tá doiligh fhághailSgairt mé arís ag an doras ann
Sgairt mé arís air mo ghrádh go ‘téann
Sé dubhairt a mathair liom nac rabh sí ann
Ná gur eáloidh (sí) sí areír leis an bhuachaill donnShiubhail mé soir agus shiubhail mé (sa) shiar
Shiubhail mé Corcaigh agus Baile atha Cliath
Shiubhail mé an baile seo fádá le bliadhain
Ag cuartugad an óig bhean bhain díom mo cíallTiocfaidh an Samhraidh agus fásfaidh an féar.
Tiocfaidh ar duilleabher glas ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo chéad searc le fáinne an lae
Agus buailfidh mé port le cumhaidh na diaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Roísín Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 9
- Seoladh
- Druminnin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Maírtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 39