Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 4
- XML “Aibítir na Soupers”
- XML “An Raideogach”
- XML “An Madadh Rua agus an Giorria”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A = cupla tige
B = branndhai
C = Canda
D =bow an' arrow
E = eaglais
F = Father
G = Speacloir
H = bara
I = cois reaca
J = Caman
K = eocair
L = lady
M = im a cur ar do preatai
N = An rud is giorra dó
Ó = faínnin
P = pipin
Q = ruball a madaidh
R = draidh a mdaid
S = eascor
T = Croisín
U = chrompán
U = da chrompán
X = A croich ceastha
Y = An eas
Z = Aine.Rimeadh dearmad é so a chur isteach - bhí sé sa leabhar nó taé
Tá an píosa so le fághail
7 mbealoideas Nodlaig 1936 - An Ráideogach
Sin an tSaileóg bheag a bíos ag fás ag taoibh na locha. Fásann sé go han-mhín agus beag agus sí an chiall atá le é a bheith chomh beag íseal as tá sé gurb as an [adhmuid?] sin a rinneadh croich-chéasta ar slánuigtheora agus go bhfuil sé faoi crann smóla ó [shoin?] (Nansaí Ní Ceallaican 78) - An Madadh Ruadh agus an Gearrfhiadh
Bhí an gearrfhiadh ag rathaidh suash Taobh na malacha (i fánaidh) nuair a bhí an madadh ruadh ag teacht amach as a bhrocach (=pluais).
“Fan orm a ghearrfiadh go rabh tamall cómhráidh agaim ná leóga is fada ó chonnaic mé tú”
“Ní dhe mhaithe liomsa tá tú ag caint ach gheall ar do bholg”, agus sgiorr an gearrfhiadh isteach sa raitneach.