Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 69
- XML “Ag Toghadh Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A leag sí amach go mbéadh meitheal sníomachain aca sa teach. Bhéad cáiliní óga an bhaile uilig ann agus bfurasch rogha agus thógadh a fhágail san iomlán. Bhí sin aca, meitheal mór ó dhoras go teinadh. (Fá dheireadh ma hoidhce.) Bhí an tseanbhean ar a coimheadh rith an ama agus fá deireadh na hoidhce thuit a crann ar trúir [dea?] ach ní thiocfadh léithe deanamh amach ua aca seo a bhfhóirstinighé mar bean-chéile d’a mac.
Chuaidh sí agus thug sí léithe curta snáithe a bhí na ghréasán, bhí sé comh aimhréidhtigh sin. Thug sí do dhuine don trúir é lé é tothardadh in a ceirtlín ach ní rabh dul aici dadaidh a dheanamh de agus chaith sí uaithe é.
Níor éirigh leis an darna cáilín dadaidh níos fearr. Ach choinnigh an tríomhadh bean leis go foigdheach gur réidtig sí é de réir a cheile agus go dtearn sí ceirtlín deas cúirealtá de.
Nuair a bhí an teach réidhtigh agus futha féin an oidhche sin. “Sin dó bhean anois” ars an mháthair, “An cailín a réidtigh an cutá snáith agus má gnid tú dó leas dheánfaidh thú cleamhnas leithé” agus rinne agus cruthuigh sí gó maith.- Bailitheoir
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Craimsigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40