Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear na gcomhnuidhe ins an bhaile talaimh amhain darbh ainm Domhnall agus Tadhg. Bhí cruit ar gach duine aca.
Uair amhain bhí Domhnall amuigh go mall agus bhí aige le dul thart le lios. Chuala sé an cainnt mar seo istigh an lios. “Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain dia Máirt” agus mar seo de. Dubhairt Domhnall, “Dia Luain Dia Máirt agus Dia Ceadoin”. Le sin chruinnigh sgaifte de fir bheaga thart fá dtaoibh de agus tharraing siad isteach san lios é. “Goidé deanfadh muid leis” arsa fear aca. “Bainfid muid an cruit de”, arsan chuid eile.
Bhain siad an chruit de Domhnall agus leig siad abhaile na fear díreach é. Lá ar na mbharac chuaidh an sgéal amach go raibh an chruit ar shiubhal de (tadg) Dhomhnall. Cuaid an scéal fad le cluasa Thaidhg. Thug sé cuairt ar Domhnall agus d’fhiafruigh do caidémar fuairse réidhtigh de’n chruit.
Dhinnis (tadg) Domhnall do caidé mar thárla dó. Chuaidh Domhnall amach an oidhche sin agus chuaidh sé an bealach céadna. Dul thart ar an lios do chuala sé an chainnt céadna “Dia luain Dia Mairt agus Dia Ceadaoin”.
Sgairt Tadhg amach “Dia Luain, Dia Máirt, Dia Ceadoin, agus Diar-Daoin”, Thainig Sgaifte de fir bheaga amach Agus tharraing siad isteach son lios é.
“Goidé deanfas muid leis” arsa fear aca, “cuirfidh muid cruit Dhomhnaill air” arsa an chuid eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róisín Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Druminnin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire A. Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Druminnin, Co. Dhún na nGall