Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach na comhnuidhe san áith seo fad ó shoin agus ní rabh aicí acht an mac amháin. Diarmad a b’ainm do. Tógad in uailinn é agus bhí shliocht sin air. Nuair a thainig sé i méaduigheacht bhí sé na sheadaidhe. Níor luaithe shoir na siar é agus b’ionnan oidhche agus lá dó. Is minic a dubhairt a mhathair go mbéad droch deireadh air, acht ní rabh gar ann.
Oidhche shamhna amháin bhí sé ar a chois go mall. Oidhche smúid ghealaigh a bhí ann agus e go cuán is nach bhogfad sé ribe ar do cheann. Chuala sé callán ag tarraingt ar agus nuair a thainig an sluaigh i ndeas dó d’aithin sé go rabh siad ag iomchar toirt cosamhail le comhnar síos i lár a bhealaig mhóir agus le bhfaiteadh na súl d’imthigh siad.
Chuaidh Diarmuid go dtí an chomhair agus d’amharc isteach inntí. Bhí cáilín óg dhoigheamhail na laighe inntí. Leag sé a lámh ar a h-éadar agus rinne sé amach nach rabh sí marbh acht gur na codladh a bhí sí. Smaoieigh sé go dteachaidh an sluagh sidhe a bobaireacht agus go mbuailfeadh seiseann bob ortha. Chait sé ar a ghualainn í agus thug a bhaile chuig a mháthair í. Bhí sí annsin gan cainnt gan coisaidheacht. Gan ucht. Gan mhairg ar feadh lá agus bliadhain. I rith an ama sin thúg an baintreabhac bhocht modh agus uarraim dí acht má thug féin ní rabh sul ar bith aice a beith ina cuidheachta nuair nach rabh cainnt aice.
Bhí go maith is ní rabh go h-olc go d’tainig oidhche Shamna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Ó Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Druminnin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire A. Ní Mháirtín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Druminnin, Co. Dhún na nGall