Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 86
- XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Bás”
- XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Breithiúnas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do ghnúis, do mhalaidhe, do leácaidhe bhí gléigeala,
Do dhá shúil ghlása, gan chámadh, gan chlaonadh;
Nuair a shíntear ‘san chré thú, cáillfidh tú an sgéimh sin.
Agus ní bhéidh le fágháil dhuit, acht snámh do na péistibh,
Ná deán státh as do bhláth bheag bhréugach,
Agus gur táirc é, no sgáile gan éifeacht. - Annsoin tiocfaidh Áingeal as na Flaitheas le sgéala,
Béidh gál-trompa leis in a láimh dheis, agus é dá shéideadh,
Ag iarraidh a theacht agus gan stád a dheánadh,
Och! Och! mo thruanigh! is cruaidh an chéim é,
Ó Shasáin, o Albáin, agus ó Éirinn,
O’n Fhráinnc,ó’n Spáinn, go dtí’n Éigipt,
An bás da fgur le chéile, is fearr damh é ráit in aoinfheacht
Níl náisiún faoi chlár na spéire,
Nach mbéidh an lá sin, I láthair an Dé- Mhic –
Annsoin tiocfaidh Mac na Féile, Íosa Críost, ar na ceusaidh,
Béidh slúaighte leis ar gach taobh Dhó, labhairfidh Sé leo de ghlór na [ché?]
“Sibhse, lucht na mbeannacht le cheile, a congbuigh mo naomh-aithne agus a gheill Damh
Nuair a bhí mé nochduighthe, chuir sibh orm alladh d’éadach,
Nuair a bhí me, ma dheoraide, thug sibh biadh, teas, agus téidheadh damh,
Thug sibh in M’ainm é, do dhaoinibh bochta ‘bhí folamh agus in eugchruth,
Imthighidh sibse agus glácaighidh fearann ins na Flaitheas anaghaidh sin”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 87