Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 125
- XML “Dóchas na Caillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)b’fhada an lá marbh í ach is doiligh droch dhuine a mharbhadh. Indiaidh comh claoidhte is bhí sí ní rabh meath ar bith ar a teangaidh. Bhí bacach ag gabhail thart san áit agus bhí an t-iomradh go rabh crathan-feasa aige. Oidhche amháin bhuail sé isteach chuig an t-sean phéire seo agus d’iarr sé fosgadh an toighe go maidin. Dubhairt an sean-duine go bhfuigheadh agus míle fáilte ach go gcaithfeadh sé a dhícheall eolais a thabhairt, caidé a bhí ag caitheadh ar an t-sean-mnaoi.
Dubhairt sé go ndeánadh sé sin agus fáilte. Chuaidh se suas go dtí an leabaidh agus stár sé go géar eadar an dá shul ar an t-sean mnaoi agus leoga níorbh én deagh-fhocal a bhí ar bharr a teangaidh léithe. Sheasuigh sé tamall ag amharc uirthí agus í ag gabhail mur bhéadh muillean ann ag scianadh ó bhallaí na glóire. D’éist sé léithe fada buan. Fa dheireadh chraith sé a cheann agus shiubhal sé aníos agus síos fríd an teach. D’fhiafruigh an sean-dhuine dó caidé a bharamhal díthe.
“Droch bharamhal,” ar seisean. “Chuaidh an diabhal isteach idir dhá easna innte agus is deacair ar cóir a chur air”. “An bhfhéidir í a leagheas”, ars an seandhuine.
“Níl do leigheas uirthí,” ars seisean, “ach aon leigheas amháin agus tá an leigheas sin i bhfad ar shiubhal”.
“Innis domh,” ars fear an toighe,” agus dheánfaidh mé mo dhícheall le na fághail.”
“Tá crann creathach,” ar seisean, “ag fás amuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall