Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 196
- XML “An Claíomh Solais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an buachaill go gcaithfeadh sé a ghábhail ar shiubhail go Rí na Frainnce agus claidheamh soláis an domhain thoir a thabhairt chuige. Dubhairt fear an toighe dá ndeánfadh sé sin go bhfuigheadh sé seacht míle punt, agus muna ndeánfadh sé é go gcaillfeadh sé a cheann.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc d’imthigh an ghasúr leis agus casadh an fear beag air é a leanstan arais. Shiubhail an bheirt leobhtha annsin agus níor stad siad go rabh siad ag bruach an chladaigh. D’amhart siad thart agus chonnaic siad seisear fear beaga annsin, agus d’fhiafruigh siad do’n bheirt cá rabh siad ag gábhail. D’innis an ghasúr an sgéal o thús go deireadh dóbhtha.
Dubhairt an chead fhear go racadh seisean bobhtha. Annsin d’fhiafruigh an ghasúr do an dtiocfadh leis siad ar bith a dhéanamh. Dubhairt se gur Eolaidhe Mhic an Eolaidhe an t-ainm a bhí air agus go dtiocfadh leis eolás a fhághail ar cheithre ceann an domhain, agus nach radhadh sé leithead ribe ar seachrán. Dubhairt an dara fear go racadh seisean leobhtha fósta. Annsin d’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Dreapaidhe mhac a Dreapaidhe an t-ainm a bhí air, agus go dtiocfadh leis ghábhail suas fiche míle sa’n aer os cionn talaimh. Dubhairt an treas fear go rachadh seisean. D’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Urraidh mhic an Urraidh an t-ainm a bhí air, agus gur é an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70