Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Inghean an Goban Tsaoir.
Bhí fear i n- Éirinn uair amháin, agus an t-ainm a bhí air an Goban Saor. Bhí naonbhar mac aige, agus bhí comhursa aige, agus bhí naonbhar inghean aige-san, agus gan mac ar bith.
Lá amháin dubhairt an Goban Saor le na bhean dá mbéadh duine eile clainne aca, ma’s inghean a bhéadh ann go mairbhfeadh seisean í, agus dubhairt an fear eile da mbéadh mac ar bith eile aca go mairbhfeadh seisean é.
Bhí duine eile ag an ghobán, agus inghean a bhí ann agus rinne bean an Ghobain malairt leis an bhean eile, agus annsin shíl an Goban gur a mhac fhéin a bhí ann. Shíl an fear eile gur a ingean fhéin a bhí ann.
D’fhás siad uilig suas go dtí sa deireadh nach rabh inghean ar bith fágtha; bhí siad uilig pósta. Lá amháin dubhairt an gobán le na mhac go gcaithfeadh sé pósadh; nach rabh an mháthair in-innibh an obair a dhéanamh, agus dubhairt an mac nach an uile bhean a shásachadh eisean
D’iarr an t-athair air molt a mharbha agus an croiceann a thabhairt leis ‘un aonaigh, agus cíbé ’n bhean a bhéarfadh an t-airgead agus an craiceann do arais gur sin an bhean a gcaithfeadh sé posadh Bhí sé gabhail fhad leis an uile aonach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEaghartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall