Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Learga na Saorthach
- XML Leathanach 105
- XML “An Fear Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear Cliste.Bhí Fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí triúr mac acu. Bhí a mhathair iongantach crósta, agus nuair a d'éirigh fear acu mór d'fág sé an baile agus d'imtigh sé. Bhí an oidhche ag teacht air, agus chonnaic sé solus beag a bhfad uaidh. Shiubhail sé leis, agus fá dheireadh fuair sé suas leis an solus seo. Bhí bean sá teach seo, agus tháinig sí 'un an dorais as chur ceist air cé é fhéin. Nuair a chualaidh sí cé é fhéin thug siad fasgadh dó go maidin. Thoisigh sé ag foghluim bheith na shaigdiúir. Nuair a bhí sé tamall fada ag siubhail smaoitigh sé go dtiocfhadh se abhaile agus é na shaigdiúir. D'éirigh sé go luath maidin amháin, agus thusaigh sé ag cóiriughadh fá choinne an baile. Shiubhail sé leis, agus fá dheireadh bhí sé ag éirigh dorcha, agus chonnaic sé solus beag i bhfad uaidh. Shiubhail sé níos gaiste anois, agus fá dheireadh tháinig sé fhad le caisleán mór. Chuaidh sé isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maigread Ní Sheiblíon
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Srath an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó hAoidhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall