Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Easboc a bhí le marbhughadh.Bhí Easboc ann aon uair amháin, agus bhí sé le marbhughadh muna dtabharfadh sé freagra ar na trí ceisteanna a chuirfeadh an tighearna air. Bhí diubhalach ann a dtugadh siad "Amadán mór na h-Éireann" air. Nuair a chualaidh sé caidé bhí le deanamh leis an t-Easboc, chuaidh sé chun cainnte leis, agus d'iarr air a chulaidh a thabhairt dó, agus go rachadh seisean roimh an tighearna le freagar a thabhairt ar na ceisteanna.
Thug an t-Easboc a chulaidh dó, agus chuaidh sé roimh an tighearna. Sé an chéad ceist a chur an Tighearna air; "Cá bhfuil lár an domhan"? "Tomhas é, agus gheobhaidh tú faoi dó dhá chois é". Sin rud nach dtiocfadh leis a dheánamh.
Sé an dara ceist a chur sé air: "Cáidé'n fad a bheithfeá ag marcuidheacht thart ar an domhan"? Agus dubhairt seisean. "Éirigh leis an ghréin agus gabh a mharchuidheacht air, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall