Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)

Suíomh:
Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Cathal Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 68

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 68

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Learga na Saorthach
  2. XML Leathanach 68
  3. XML “An Gasúr agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhad leis an teach. Bhí móran dreasógaí ann, agus chuaidh sé fraobhtha, acht ní thiocfadh leis a ghábháil fríd an teach. Chuaidh sé siar an camhsa a bhí ann, agus nuair a chonnaic bunadh an toighe é, sgair[t] siad air, agus d'iarr siad air a theacht isteach, acht ní thiocfadh. Bhí Sagart ins an teach seo, agus bhí cailín aimsire aige. Dubhairt seisean go racadh sé fhéin amach, agus chuaidh. Tháinig an gasúr isteach leis D'iarr sé ar an cailín cupa tae a dhéanamh réidh dó, agus é a chur síos na t-seomra, agus an doras a dhruid. Chuaidh an Sagart amach, agus dhroid an cailín an doras. Fad is bhí an gasúr sá t-seomra, bhí an cailín ag éisteacht leis ag caint. Nuair a tháinig an Sagart isteach, d'innis an cailín dó caidé bhí an gasúr ag déanamh. Chuaidh sé síos fhad leis an gasúr, agus chuir sé ceist air caidé bhí sé ag cainnt air Dubhairt an gasúr go rabh sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1833: Application of the Sermon
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Giolla Ceárr
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Giolla Ceárr
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall