Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-seanbhean go leor do'n luchoig da mbeadh sé aice. Lá amáin ní raibh aon ghreim bidh ag an t-sean-bhean agus rud níos measa nó sin, ní raib aon airgead aice le biad a cheannacht D'innis sí do'n luchóig a buaidheartha agus dubhairt sí leis go gcaiteadh se imteacht nó go bhfuigheadh sé bas leis an ocras aicise. Dubairt an luchóg go rachadh seisean ar shiubhal cinnte, acht gur fa brón a d'imteochadh sé, acht go raibh rud amáin a dith air sul a n-imteochadh sé, agus gurbh é an rud e sin nó sean-mhála. Fuair an bhean an mala dho agus d'imthigh sé leis. Bhí an-chumhaidh ar an bheirt ag scaradh le chéile. Nuair a bhí an luchóg imthighthe ar feadh lae, shil an bhean go rabh sé comh maith aicise imteacht ag cruinniughadh deirce agus bhí sé duithe [?] bas a fhaghail leis an ocras. D'imthigh sí leithe agus bhí sí ag gabhail thart ar feadh seachtmhaine o theach go theach. Oidhche amáin chuaidh sí isteach i dteach ag iarraidh loisdin. Nuair a tháinig am codhlatha taisbean bean a' toighe a leabaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh O Chanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall