Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 169
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Bhí mise 'gur Antoine ar bheagan de bhuaidreadh an t-saoghail”
Fear as Gleann na Geise ag iarraidh poitín ar an fháithche. h-Aiteadh é, chum sé an t-amhran seo leanas.
Amhran.
I
Bhí mise ‘gus Antoine ar bheagan de bhuaidhreadh an t-saoghail
Go gcaithfeadh sin clocha naoi nite (niotha) de bharr ar ladhar
Ar n-aistear fan cath sin tharlaidh agus níor bhfearrda mé
Thug sé damh aiteadh agus nar fheiceadh sé a ghrainne fhéin.
II
Níor fhoir sin do Pháidi agus go mbainfeadh sé dornan taobh [Ualéh]?
Bhí Antoine a’ dreasadh as nach deas a dFóir siad fhéin
Nach dílis deas dubhairt Tarlach Croidhe mo chléibh
Go bfhágfadh sé an marc air da gcailleadh sé an lámh go h-éag.
III
Sé dubhairt an sionnach, as go deimhne ní dheárn sé bréag.
Gur casadh an cheig dó go leacanta i lár a cléithir,
D’fiafruigh mise dó ar bhain sé an clár dha bhéal,
Dubhairt Tarlach da fhreagairt nach leagfadh sá barr a mhéar.
IV
D’fiafruigh mé dón t-sionnach an dtiocfadh sé a dul na spree,
Da gcastaoi an cheig dúinn go mbainfeadh sin an clár da bheál,
Sé dhubhairt sé liom fanacht go socair ? go mbfearrde mé,
Tá gadhair ins a ghleann agus ma fheicthear muid ta muid réidh.
V
Thiocfadh siad anuas an cruach adaidh bunadh an bhar-well.
Sé an sign a bhéas thuas an uair sin Fear agus Fann.
Béidh mise ar a dtús agus buailfidh mé faic ar a Fann.
Béidh biotailte an uair sin anuas na srut ins a ghleann.