Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 185
- XML “Amhrán Grá”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Grá (ar lean)
“A' bhfacaid tú, na a gcuaifaid tú an buachaill a chráidh mo chroidhe”
(ar lean ón leathanach roimhe)Críochnuigh thusa an Fhóghmhar go dóigheamhail agus fan mar tá
Ní leitid da bhfuil beo thú, gus ar ndoighe nach tú mo ghrádh.
V
Thug mise spéis dhuit agus gan éifeacht agam da aois
Thug mé an darna spéis duit na dhiaidh sin gan mhoill airís
Ní sgairfidh an dá spéis ó na cheile go Fonmhar a choidhch
Go bhfeicidh mé agam fhéin tú a ghrádh geal mo chroidhe.
(Críoch)- Paidir do “oidhche i gcionn na bliadhna”.
Beannuigh sin a Dhia, beannuigh ar mbiadh a’s ar ndeoch Íosa ‘ cheannaigh sinn go daor saothruigh sinn ar ach uile olc,
Bail na gcuig n-aran agus a dá iasc ar na cuig míle do rann Dia
Rath an Ríogh a rinne a rann go dtigidh ar ar gcuid a’s ar ar gcomhra.Paidir indiaidh bídh.
Glóir agus moladh agus buideachas do Dhia le muid a bheith seacht n-uaire níos fearr bliadhain ó’n oidhche anocht a thaobh ar n-anam agus ar gcuirp ins na grásta is mó agus ins na peacaidh is lugha. Teas-grádh dé agus grádh na gcómharsannaigh a dhórtadh ann ar gcroidhe.“Glóir agus altughadh agus buidheachas do Dhia”
“Go mbuanaigh Dia beo slán sinn le préataí na h-ath-bhliadna a ithe”