Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 186
- XML “An Fíodóir”
- XML “Scéal Beag faoi Am an Drochshaoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dheánfadh sé an seól, an spól, agus an túirne.
An Ugham, an t-slinn agus an maide lustair.
Páirt da stuam agus a dheánfadh go luath
Crann deilbhe agus eagar an einnigh
Agus an athruigh ar leitheadh a ghreasain
Agus an maide i gcastar a’ béim leis
Péire maith bhruisinní, sin agus swiftinní
Agus pólus ba deise na’n méid sin.
Diper, deímlí agus cambric
Braithlineacha caola, garbh ‘gus mín
Gus cota dón Albanach Gaedhealach. - Sgéal beag fa am a droch saoghail.
Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe thiar ar a t-sliabh am a droch shaoghail. Bhí cupla barraille phréataí aca, agus ní rabh aon cheann ag na cómhursanaigh nach rabh lobhtha. Chúmhdaigh an fear go maith iad, agus diarr sé ar a bhean gan a ghabhail da gcomhair go dtigeadh lá an earraigh, agus go bhfuigheadh siad saidhbhreas airgid ortha san am sin.
Bhí an t-an ganntanas san chómhursanacht agus moran ar bhruach báis le h-ocras. Thoisigh an bhean a thabhairt na bpréataí daobhtha i gainfios d’a fear. Bhí sé gha deánamh seo rith a gheimhridh, agus go fóill níor reath na préataí amach. Thainig an t-earrach. Chuaidh an fear fhad leis an pholl ar chuir sé na préataí ann. Bhí eagla a h-anam ar a bean, acht bhí an poll comh lán as bhí sé ag Samhain.- Bailitheoir
- Maighread Ní Gallachobair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Gleann Gheis, Co. Dhún na nGall