Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 162
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí cailín ar aimsir i dteach úr am amháin. Ní rabh duine ar bhith sa teach seo acht fear agus a bhean.”
Bhí cailín ar aimsir i dteach úr am amháin. Ní rabh duine ar bhith sa teach seo acht fear agus a bhean. Nuair a bhí sí tamall ar ainsir sa teach chuaidh muintir an toighe ar laethebh saoire agus bhí an cailín leithi féin sa bhaile.
Anois arsa fear an toighe leithí na leig do gaduidhe ar bith theacht fhad leis an teach go dtigidh sine arais agus dfhág sé gúna aicí le iad a sgaoileadh. Dimthigh an beirt ar laethibh saoire. Ní rabh siad i bhfad ar shiubhall nó go dtáinig beirt gaduidhe. Dhá dhearbhrathair dob ead iad agus bhí siad ag iarraid fhágháil isteach ar an fhuinneoig. Connaic an cailín iad. Chuaidh sí suas na staighre. Thug sí an guna leithi damharc amach ar an fhuinneoig agus chonnaic sí iad agus sgaoil sí ceann acu.
Dimthigh an fear eile agus ní rabh fhios aige caidé ba chóir do dheánamh. Sa deireadh tháinig smaoite cliste in a cheann. Ghleas sé é féin go han deas. Chuir sé culaidh deas ar féin agus shiubhal sé leis, go dtáinig sé go dtí an teach céadna. Chuaidh isteach agus d’iarr ar an cailín é a phosadh. Ní rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhubhgain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath Bruithne Íochtarach, Co. Dhún na nGall