Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 276
- XML “Tamhnaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa bhád agus thug cead a cinn díthi a rogha bealach a ghabhail.
Ba truacanta an scéal a bhí le hinnse ag an bunadh a tháinic slán. Leis an masla a fuair siad ag iompadh agus an toirar agus a fuair na dhiaidh, fuair beirt aca bás sa bhád, Domhnall Ua Beirn fear ach agus ba é an fear ba hurradhanta agus ba láidre a rabh ann. Bhris sé a chroidhe leis an tréan iarraidh a thug sé.
Bhainfeadh sé deora as croidhe cloiche a bheith ag éisteacht le na dheirbhfiúr Roise ag caoineadh agus ag mairgnughadh na dhiaidh.
"Ó mo Dhomhnall bhocht, grás mhullaigh mo theaghlaigh, caidé thárla gur tusa a fágadh? agus gur shaoil mé dá mbéadh céad fear ar lár go dtiocfa-sa slán"
Fear meadhon aosta an dara fear a fuair bás. B'í a mhac leis agus bhain an t athair a chota féin de agus chuir ar a mhac é. Fuair an t athair bás.
Cuireadh an bád asteach ar chósta Shligigh in áit aironnach agus nuair a bhuail sé talamh ní rabh acht fear amháin innti a theacht aistí le scéal a thabhairt do dhaoine tárrthail a thabhairt orthú. Billí Ua hEarrcain ainm an duine sin, Billí Beag(leanann ar an chéad leathanach eile)