Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 329
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is iomda bliadhan na diaidh sin a mheath na preátai. Bhí ganntanas go leor sa cheanntar seo ó 1879 go 1888 na 1889.
Nuair a bhí Balfour thart annseo am eighinteacht fa’n am seo, bhí boichtíneacht go leor ag gabhail. Tugadh siar fan Caiseal é go bhfeiceadh sé le na shúlaibh féin goide mar bí an cás. Bhí fear amháin agus nuair a chualaidh sé go rabh Balfour ar a chois agus bhfeidir go dtabharadh sé cuairt air, goidé rinne sé acht síos ‘na chladaigh leis gur thogh sé bascoid feamnaighe. Bhruith sé í agus craith sláman míne buidhe fríthí. Bhí an t-óras leagtha ar chlár agus mo dhiúlach cóis na shuidhe ag ithe nuair a shiubhail Balfour asteach. Tá mé ag smaointuighadh gur lúb na cosa fada aige nuair a chonnaic sé an tráth bídh a bhí as coinne an chleasuidhe.