Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cróibh
- XML Leathanach 152
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht.”
Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, bhí beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht. Bí muirighín mhór ag an fhear bhocht agus ní rabh muirighín ar bith ag an beirt saidhbhir. Bí dhá bhó dhéag ag an bheirt saidhbhir agus ní rabh ag an fear bocht ac sean bhó amháin. Bá gnáthach leis na ba a dul an casán céadhna na chnuic agus nuair a tháinig an Earrach, chuir an dá dhearbhráthair sgéala fhad leis an fhear bhocht a theacht agus cuidiughadh leobhtha an casán a chóiriughadh go dtéaidheadh na ba na chnuic. Dubhairt seisean nach rachadh an áit a rachadh na ba a bhí aca san go rachadh an sean bhó ann foscad. Dubhairt seisean nuair a rachadh an bhó ‘na chnuic go muirbhfadh siad i, agus dubhairt seisean gur chuma leis.
Nuair a chuaidh a' bhó na cnuic mharbhuidh said í. Bhain an fear bocht an croiceann de’n bhuin, Ní rabh aige ar an t-saoghal acht naoi bpíosa leath-choroinn. Chuir sé na naoi bpíosa leath-choroinn isteach san chroiceann agus thug sé deireadh leis go dtí fear ar an bhaile mhór a bhí ag ceannacht croiceann. Acht ní bhfuigheadh sé ar an chroiceann acht cúig sgillinge. Dubhairt sé le fear an t-siopa gur bfiú 200 an croiceann seo nó an uile am a chraithfidhe é go dtuitfeadh píosa leath-choroinn amach as. Chraith sé ocht n-uaire é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Ua Canainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Baoighill
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall