Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal fá Chnapastún”
- XML “Scéal fá Chnapastún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an céad fear a diarr Cnapastún air dul go Connacht leis, nuair a damharc sé ar a bhonn bonn de iarann dubh a bhi ann.
- Bás an Ríogh.
Cuaidh Cnapastún – an rí a bhí ar Sidheogaí Mhucrois fad o shoin – cuaidh sé go Connacht am ámhain. D’innis sé do fear as Mucros :
“Amharc ins an tobar nuair a bhéas mise tamall imthighthe. Agus ma bhíonn dath dearg ar uisge an tobair sin comhartha go mbéidh mise marbh agus ma bhíonn uisge an tobar glan – sin comhartha go mbéidh mise beó”.
Níl fhios ag na daoine ar amharc an fear san tobar no nar amharc, ach is cuma, níor chualaidh muinntir na
h-áite seo morán iomraidh fa Cnapastún o shoin. Tá Tobar Cnapastún i Mucros go fóill.- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall