Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 296
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coirce agus ólann sé uisge. Bheirtear an capall go dtí an ceardcha agus cuireann an gabha croidhtheacha air. Is mór an obair capall óg a ceannsú, cuirtear an adhastar air ar dtús agus tiomáintear thart ar feadh cupla lá é agus an adhastar air. Annsin cuirtear na dallogaí agus an súgan bráighidh air.
Nuair a éirigheann sé cleachtuighthe diobhtha sin cuirtear an cosnadóir agus an cearrt air.
‘Thuirs’ a deirtear leis an mhuc.
‘Faot’ a deirtear leis na lachain.
‘Duíc’ a deirtear leis na cearca.
‘Suc’ a deirtear leis na gamhna.
Cuirtear súithche mar mharc ar na h-uibheacha goir.- Faisnéiseoir
- Liam Ua hEigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall