Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 311
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Arán.
Bocstaí agus arán préataí a bhíodh aca fad o shoin.
Arán Preathaí.
Nuair a bíodh na daoine ag deánamh arán préataí fad o shoin gheibheadh siad cupla préata bruithte agus baineadh siad an croiceann daobhtha. Annsin ghearradh siad an biadh atá taobh istigh d’en croiceann isteach i mbaisín agus cuireadh siad plúr isteach ann fosta agus mheasgadh siad a dá rud le chéile. Annsin nuair a bhíodh sé réidh cuireadh siad isteach i n-oidhean é. D’gágadh siad annsin é go mbíodh sé bruithte. Annsin bhaineadh siad amach é agus d’fágadh siad annsin é go n-itheadh siad é.
II
Bocstaí
Ar dtús gheibheadh siad báisín agus meilteór agus gráinín préataí móra. Bhaineadh siad an cnoiceann de na préataí agus annsin tosuigeadh siad a meilt leis an mheilteór. Nuair a bhíodh na préataí uilig meilte aca gheibheadh siad éadach bán agus cuireadh siad cuid d’en stuf isteach san éadach agus bhrúigheadh siad an t-uisge asta. Annsin gnídheadh siad cáca de agus cuireadh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní hAsgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall