Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Fhéil Bhríghde.
Oidhche amhain gach bliadhain bíonn féile mór ag na daoine i n-onóir Naomh Bríghde. Ar an céad lá de mí na Feabhra a choinnigheann siad an féile.
Is mór an meas atá ag na daoine ar Naomh Bríghde, nó níl aon oidhche nach n-ofráileann siad suas trí Aibh Máire ionns uirthí ag iarraidh uirthí bheith mar threoraidhe acu ar an t-saoghal seo ach go h-airithe ar uair a mbáis.
Ar an céad lá de Feabhra gnídheann siad rud spesialta amhain ina cuimhne agus is é sin “deánamh na gcros”. Ar oidhche an lae sin téigheann fear a’ toighe amach agus gearann sé garbhog feag.
Bheireann sé na feaga leis go dtí an teach agus fágann sé ag an doras cúil iad. Annsin ag tuitim na h-oidhche nuair atá an lampa lasta agus an tae a dheánamh réidh, agus na soithigh ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall