Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 328
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sceul.Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí seanduine ann fad ó shoin i n-a chomhnuidhe i sean teach a bhí leath leagtha. Bhí triúr mac aige. Thárla gur ghlac an seanduine tinneas lá amháin agus bhí fhios aige go maith gur ghoirid go bhfuighead sé bás. Scairt sé ar a thriúr mac agus dubhairt, "A mhic tá mise bhur bhfágail anois agus ba mhaith liom i n-uile sheort ar dhruim a domhain a rann eadaraibh sa dóigh nach mbéidh troid ar bit indhiaidh mo bháis. Tarraingigidh amach an bocsa atá faoi mo leabaidh annseo". Bhí an-iongantas ar a chuid mac go rabh rud ar bith ag n-a n-athair a bhéadh úsaideach aca nó rith a shaoghail bhí siad comh bocht le luchogaí. Annsin arsa an seanduine, "Fághaigidh an eochair atá ar mo mhuineál, fosclaigidh an bocsa agus tug amach a bhfuil taobh istoigh de". Thug siad amach an bocsa agus bhain an glas de. An chead rud a casad ortha sean hata stróctha, stiallta, annsin sean-sparán folamh agus annsin adharc mhór bhán a bhí uilig pollt[a.] "Anois", arsa an seanduine, "ag tógailt na hadhairce seo do phronntannas-sa agus thug do'n mhac ba sine é. An uile sheort a bhéas a dhith ort ní'l agat ach sgairtigh fríd an adhairc seo agus gheobhaidh tú cé bith atá a dhith ort". Annsin thug sé an hata do'n darna mhac agus dubhairt, "Tug aire mhaith do'n hata seo. Is fiú morán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall