Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhálainn Bheag
- XML Leathanach 88
- XML “An Mhuc Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt fear an toighe go gcaithfeadh sé a gabhail amárach go bhfeicfeadh sé na páistidhe deasa leis na “necklace” ann a óir agus airgid. “Níl fhios agham cá mbeithfeá a gabhail” arsa’n bhean. Bhí sí ag fás mí-shuaimhneach anois nó bhí fhios aicí go fíor maith gurab iad na páistidhe ‘s aige fhéin a bhí ann. Níor chodhlaidh sí moran an oidhche sin agus ar maidin lathar na bharach níor stad sí go rabh sí ag cailleach na gcearc. D’innis sí an scéal dó chailleach na gcearc agus d’iarr a comhairle.
“Gabh abhaile” arsa cailleach na gcearc agus leig ort go bhfuil tú a fághail bháis. Abair nach ndeánfaidh dadaidh biseach dhuit acht croidhe an “Mhuc Alt” (croidhe na Muice)
Chuaidh sí abhaile agus chuaidh a luighe. Leig sí oirthí go rabh sí an tinn agus go rabh an bás aicí. D’fiafruigh an fear dí caidé deánfadh biseach dí. Dubhairt sí nach ndeánfadh rud ar bith ar an domhain biseach duithe acht croidhe an “Mhuc Alt”.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc an tráthnóna ceadna sin labhair an Mhuc Alt leis an triúr páistidhe. Dubhairt sí leobhtha go rabh sise le marbhadh amárach.
Caitfidh sibhse imtheacht ar sí. Rinne sí bunnóg min choirce agus mearg le na cuid fola fhéin í, agus arsa sise “Ar maidin amárach gabhaigidh síos go béal na tuinne. Gheobhaidh sibh trí maide annsin agus rachaidh sibh amach ar na maidí ar an fhairrge mhór. Tcidhfidh sibh lung agus tógfaidh an lung sibh, agus nuair a thiocfas sibh fhad le oilean tcidhfidh sibh fathach mór ‘na sheasam ar an oilean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall