Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Idir Mín na bFian agus Gleánn Málainn tá Sgrig a Chualacha. Bhí fear ‘na cómhnaidhe neas do’n Sgrig ám amhain.
Ní rabh aige acht aon bhó agus bhí sí ag ingeilt ar mhullach na Sgrige lá.
Thuit sí leis an Sgrig agus nuair a chuaidh sé amach fuair sé na luighe márbh í ag bun na Sgrige.
Bhí fhois aige nach lé haicid ar bíth a stiug sí agus ar an ádhbhar sin go dtiocfadh leis í a íththe. D’feánn sé í agus sháil sé í i dtuban.
Cupla lá na dhiaidh sin bhí sé ag obair sa chuimhreán agus caidé téidh sé acht a bhó ag ingeilt arais ar mhullach na Sgrige.
Ríth sé suas agus nauir a bhí sé aicí bhí sí ag imteacht isteach i bpoll i n-éadan na Sgrige. Fuair sé greim rubaill oirthí nuair a bhí sí ag dul isteach as amharc.
Bhí seisean a tárrangt amách agus bhí neach éigínteacht eile a tárrangt isteach agus sa deireadh labhair an neách agus dúbhairt,
“Bhéirfidh muid duit do bhó, ma bhéir tú dúinn ar n-áthar-mór atá sáilte sa tuban agat.”- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ioseph Uí Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall